Tosaíonn an Ócaid: 01 M. Fómhair 11 12:00
Críochníonn an Ócaid: 30 M. Fómhair 11 21:00
Ait: Áras Éanna
Taispeántas le Dan Ó Flatharta. I rith Mí na Meán Fómhair.
Tá cónaí ar Dan Ó Flatharta ar an gCeathrú
Rua, Co. na Gaillimhe. Tá a chuid oibre
dírithe ar théamaí polaitíochta agus sóisialta.
Ealaíontóir sa stíl réadúil atá ann den chuid is
mó agus is é an smaoineamh nó an teachtaireacht
sa saothar is cás leis. Tá sé tagtha ar
ais anseo ar stíl níos bunúsaí. Tá na téamaí
mar an gcéanna i gcónaí ach tá seoladh na
mothúchán anois fúthu.
Is é déanamh na péinteála féin atá tábhachtach
anseo dó. Tá an modh oibre ina
mhacalla den mhothúchán a bhaineann le
hábhar an phictiúir, paiseanta práinneach
go minic. Is beag nach rud tánaisteach an
saothar críochnaithe, toradh, é mar a tharla,
forás, léiriú ar an gcúis a bhí leis. Tá an pictúr
críochnaithe mar an dara smaoineamh,
toradh comhtharlaithe. Tá scéalaíocht san
íomhá freisin. Tá scéal á insint, uaireanta á
athinsint, scéal gan tús, scéal gan deireadh.
Screadach stadach, gáir ó ghealt, nó an file
dall ag imeacht roimhe sa duibheagán.
Dan Ó Flatharta lives in Carraroe, Co
Galway. His practise has, for the most part,
focused on socio-political themes, mainly
concerning class and identity. Generally a
‘realistic’ painter, concerned with the idea
or the message within his work, he has
returned here, to a more primal form of
painting. The ideas are still the same, but
are now emotionally charged.
It is the act of painting which is important
to him here. His process is evocative of the
emotion involved within the issues he is
concerned with, often urgently passionate.
The final image almost becomes
secondary, a result which is coincidental,
the afterbirth, a glimmer into a reason.
The final image also points to a narrative.
A story is being told, sometimes repeated,
sometimes continued but never concluded,
a stuttering lament, a mad mans
cry, or a blind poet running headlong into
the abyss.
Supporting and Delivering Programmes to Island Communities | Ag tacú agus ag seachadadh cláracha do Phobail na nOileán