Fógra Poist

Stiúrthóir Ealaíona
Tá Ionad Ealaíona, Áras Éanna Teo, ag tairiscint post mar Stiúrthóir/Bainisteoir Ealaíona, lonnaithe in Áras Éanna, Inis Oírr, Árainn.  Tá sonraí poist & foirm iarratas le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Áras Éanna ag 099 75150 nó ar shuíomh idirlín na comhlachta ag www.araseanna.ie

Áras Éanna

ACTS-WHITE

Tá fáilte romhaibh chuig clár imeachtaí 2016. Táimid ag díriú i mbliana, inár gclár drámaíochta agus amharc-ealaíon, ar mhná óga ar drámadóirí agus amharcealaíontóirí nua iad, atá ag teacht chun foirfeachta. Coinnigh súil amach do théamaí difríocht na ndrámaí, ar nós deilbh ag corraí, staid intinne Haváíoch agus seilg daoine.

I mí an Mheithimh feicfear an taispeántas grúpa  ‘Overlap’ ó cheathrar ban atá lonnaithe in Éirinn agus taispeántas aonair ó Áine Ní Chíobháin i mí Iúil. Is comóradh agus cuimhneachán ar Bhrian Seoighe as Inis Oírr, a throid in Ard-Oifig an Phoist i 1916, a bhéas againn mar phríomhthaispeántas an samhradh seo.

Sa mBealtaine beidh Áras Éanna mar an mol ealaíne ag ‘Drop Everything’ –bíonn sé ann chuile dara bliain, agus i Meitheamh beidh an togra nua ‘Dúil Inis Oírr’ ann agus an Fhéile Bodhrán “Craiceann”. Greann a bhéas ann i mí Iúil leis na sagairt is ansa libh i ‘Féile Craggy Island’. Beidh ‘Féile Scannánaíochta Inis Oírr’ ann i Meán Fómhair ag a dtaispeánfar an scannán nua ‘Atlantic’ le Richie O’Donnell. Ó thaobh ceoil de

Ó thaobh ceoil de i mbliana beidh “The Far Flung Trio” againn agus ceol traidisiúnta as Sliabh Beagh, Dún na nGall, Ciarraí agus Albain chomh maith leis na hamhránaithe is scríbhneoirí spreagúla Ewan Macintyre agus Declan O’Rourke. Bainigí sult as clár 2016. Mairéad Ní Ghallchóir

 

 

Áras Éanna ar Inis Óirr

 

Inishoirrmap-final

CIRCLES

 

 


  Funding Partners

Aras Eanna sponsors

Gretb 

Copyright ©  2014 Áras Éanna,  Designed by Heaventree Design - Privacy Policy